Loading

Ár n-Obair

Díríonn obair Ghael-Taca ar an méid Gaeilge scríofa atá le feiceáil ar fud na cathrach a mhéadú agus úsáidimid ár seirbhísí aistriúcháin chun é sin a chur i gcrích. Tá an teanga ag dul ó neart go neart i gCorcaigh le roinnt blianta anuas. Má tá tuilleadh eolais uait, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ar 021-4310841 nó seol ríomhphost chuig eolas@gael-taca.com.

Bímidne i nGael-Taca ag obair le go leor grúpaí éagsúla i gCorcaigh, idir proifisiúnta agus deonach.

Gnó

Tá sean-ghaol againn le lucht gnó Chorcaí.

An aidhm a bhí ag ár mbunaitheoir Pádraig Ó Cuanacháin, ná an Ghaeilge a spreagadh tríd an ngnó. Tá Oidhreacht Phádraig fós linn inniu agus Gradam Uí Chuanacháin mar phríomh-imeacht bliantúil againn.

Tá tuilleadh eolais faoinár nGradam gnó anseo.

Pobal

Lonnaithe i gceart-lár cathair Chorcaí tá gaol againn leis an bpobal máguaird agus Gaelphobal Chorcaí i gcoitinne.

Tá naisc againn leis na grúpaí Gaeilge i gCorcaigh; an Chuallacht, Óró, Gaeilgeoirí agus eile. Bíonn stiúir láidir ag ár mbaill orainn leis, iadsan a thacaíonn linn agus a choimeádann sinn ar an mbóthar.

Gan amhras táimid sa tóir ar bhaill nua i gcónaí - má tá suim agat a bheith páirteach linn bí cinnte clárú thuas!

Bá bhreá linn cloisteáil uait!

Déan Teagmháil Linn