Loading

Brenda Ní Shúilleabháin 5 Bealtaine

Brenda Ní Shúilleabháin 5 Bealtaine

Ar ais de bharr éileamh an phobail!

Caint eile ó Bhrenda Ní Shúilleabháin Dé Máirt 5ú Bealtaine ag 7.30 ar Zúm. "Dúchas agus Deoraíocht: Dán an Duibhnigh" mar theideal aici an uair seo is labhróidh sí faoin saol i gCorca Dhuibhne fadó agus cad é mar athrú saoil a bhí i ndán dóibhsiúd a d'imigh ar imirce go Meiriceá.

Seinnfidh sí míreanna óna cuid cláir (Bibeanna, Bibeanna Mheiriceá) freisin agus tógfaidh sí ceisteanna ón lucht féachana ina dhiaidh.

Má tá fonn ort Zúm-áil siar ar bhóithrín na smaointe le Brenda, seol teachtaireacht chugainn ar Facebook nó chuig eolas@gaeltaca.ie.

Brenda, 5 Bealtaine, ag taispeáint míre ó Bhibeanna

Maoinithe ag