Loading

Victor Bayda 19 Bealtaine

Más ciaróg ón Rúis thú, an n-aithníonn ciaróg ciaróg eile? Aithníonn, ambaiste!

Áthas ar Ghael-Taca a fhógairt go mbeidh an Dr. Victor Bayda mar aoichainteoir againn Dé Máirt 19 Bealtaine ag 11.30 r.n. Maidir le scéal bheatha Victor de, ní fhéadfá é a chumadh: Rúiseach le Gaeilge den scoth atá ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga le Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthach anois. Labhróidh Victor ar feadh 30 nóiméad agus tógfaidh sé ceisteanna ina dhiaidh. Chun do nasc Zúim a fháil, téir i dteagmháil linn trí Facebook nó ag eolas@gaeltaca.ie

Daoine ag éisteacht le Victor Bayda 19 Bealtaine