Loading

Príomh-eagras na Gaeilge i gCorcaigh

Fúinn

Príomh-eagras na Gaeilge i gCorcaigh

Is é Gael-Taca an príomh-eagras Gaeilge atá ag feidhmiú i gCorcaigh. Is iomaí cloch ar ár bpaidrín, ónár nGradam Gnó, Gradam Uí Chuanacháin, go dtí an obair a dhéanaimid le scoileanna agus grúpaí Gaeilge áitiúla. Táimid ann le tacaíocht a thabhairt dár mbaill agus don phobal i gcoitinne freisin.

Tá ár n-Ionad féin againn ar Phort Uí Shúilleabháin i gcathair Chorcaí, áit a bhfuil caifé, siopa leabhar agus ionad eolais le freastal ar Ghaelphobal Chorcaí.

Ar scáth a chéile a mhaireann na Gaeilgeoirí agus, mar eagraíocht dheonach, tá ár mbaill lárnach i ngach rud a dhéanaimid. Da mba mhaith leat clárú linn mar bhall, fáilte romhat buaileadh isteach chuig an Ionad, nó seol r-phost chuig eolas@gaeltaca.ie. 

Ár n-Obair

Bímidne i nGael-Taca ag obair le go leor grúpaí éagsúla i gCorcaigh,
idir proifisiúnta agus deonach.

Gnó

Tá sean-ghaol againn le lucht gnó Chorcaí.

An aidhm a bhí ag ár mbunaitheoir Pádraig Ó Cuanacháin, ná an Ghaeilge a spreagadh tríd an ngnó. Tá Oidhreacht Phádraig fós linn inniu agus Gradam Uí Chuanacháin mar phríomh-imeacht bliantúil againn.

Tá tuilleadh eolais faoinár nGradam gnó anseo.

Pobal

Lonnaithe i gceart-lár cathair Chorcaí tá gaol againn leis an bpobal máguaird agus Gaelphobal Chorcaí i gcoitinne.

Tá naisc againn leis na grúpaí Gaeilge i gCorcaigh; an Chuallacht, Óró, Gaeilgeoirí agus eile. Bíonn stiúir láidir ag ár mbaill orainn leis, iadsan a thacaíonn linn agus a choimeádann sinn ar an mbóthar.

Gan amhras táimid sa tóir ar bhaill nua i gcónaí - má tá suim agat a bheith páirteach linn bí cinnte clárú thuas!

Bá bhreá linn cloisteáil uait!

Déan Teagmháil Linn

Maoinithe ag