Loading

Pat O'Brien

Céim Ghaeilge ag Pat ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh is dochtúireacht aige i litríocht an Bhéarla ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Ana-spéis aige i dteangacha agus dúil aige sa scríbhneoireacht chruthaitheach ó taispeánadh gearrscannáin (bunaithe ar scripteanna óna pheann) ag féilte scannán náisiúnta is idirnáisiúnta. Leabhar scríofa aige ar an Athair Peadar Ó Laoghaire freisin agus ana-tháithí aige mar thimire ag eagrú imeachtaí do phobal na Gaeilge.