Loading

Cluichí cláir den scoth!

Cluichí cláir den scoth!

Ach fan, ná habair, tánn tú teanntaithe laistigh leis an ndrochaimsir? (faraor, is cuid den samhradh in Éirinn laethanta báistí bheith ann). Ná bí buartha, Gael-Taca i gcabhair ort arís le cluichí cláir leithéidí Cluedo: Dunmhárú san Ostán, Scrabble as Gaeilge, Monopoly as Gaeilge, agus Crannóg chomh maith le míreanna méaraí leithéidí Spástaisteal agus Ainmhithe na hÉireann.

Agus, a thuismitheoirí, anois ó tá do pháistí sona sásta ag spraoi, b’fhéidir go bhfuil sé in am duitse do scíth a ligint le cupán tae? Id’ mhuga nua ‘Marbh le Tae’ nó ‘Mise Éire’, b’fhéidir? A leithéidí le fáil i nGael-Taca freisin!

Buail isteach chuig Gael-Taca go luath mar sin, áit a bhfaighidh tú gach rud le haghaidh samhradh Gaelach bheith agat i mbliana, beag beann ar an aimsir.

Maoinithe ag