Loading

Comórtas dathúcháin Chinnín Óir

Comórtas dathúcháin Chinnín Óir

Cabhraigh! An milleán curtha ar Chinnín Óir go héagórach!

A leithéid de ruaille buaille ó d’athraigh duine éigin na Trí Bhéar ó hollbhéir mhóra dhonna go béir bhána i bhfaiteadh na súl! Cheap na Trí Bhéar láithreach gur Chinnín Óir a bhí taobh thiar den ghadaíocht seo mar, dáiríre píre, má tá tú sásta leite duine eile a ithe, ní fios céard iad na rudaí dána eile gur féidir leat a dhéanamh. 

(PICTIÚIRÍ DATHÚCHÁIN AG BUN AN LEATHANAIGH!)

Ach ní fhéadfadh sé gurbh í a rinne é mar—féach!—tharla an rud céanna di-se! Cinnín Óir bocht, í iompaithe chomh bán le sneachta thar oíche!

Ach murar ghoid Cinnín Óir na dathanna go léir, cé a ghoid iad? Fan, ní féidir gur ... Ní chomh luath sin tar éis …

A Mhaighdean Bheannaithe! Ise a ghoid iad ceart go leor! An Chailleach Bhradach! Féach uirthi ag goid na dathanna ó Mhamaí Béar, ó Dhaidí Béar, agus ó Bhabaí Béar agus iad amuigh ag siúl! Ó, a thiarcais, ba cheart do dhuine éigin an fhírinne a insint dosna Trí Bhéar … Fan, céard faoi Áine Ní Ghlinn? Gan éinne níos fearr chun ciall a chur orthu agus í ina shaineolaí ar bhéir agus a gcuid taomanna feirge ó scríobh sí Cinnín Óir agus na Trí Bhéar.

Sea, anois ó smaoiním air, luíonn sé le réasún … Éad a bhí ar an gCailleach, gan amhras. Chonaic sí na léaráidí áille tarraingthe ag Laura Jane Phelan sa leabhar pictiúr Cinnín Óir agus na Trí Bhéar agus shantaigh sí na dathanna iontu di féin amháin.   

Údar Áine Ní Ghlinn agus maisitheoir Laura Jane Phelan

Osna mhór. Gan an dara rogha againn anseo ag Gael-Taca ach comórtas dathúcháin a eagrú. (N’fheadar an gcabhróidh ár gcairde i nGlór na nGael linn chun an scéal a scaipeadh arís?) Beagánín thar fóir, is dócha, ag iarraidh ar pháistí na hÉireann an scéal a chur ina cheart arís tar éis dóibh gaisce a dhéanamh roimh an Nollaig. Fós féin, má éirigh leis an gcleas uair amháin, b’fhéidir go n’éireoidh leis arís: sé sin, má dhathaíonn a dhóthain páistí pictiúirí de Chinnín Óir agus na Trí Bhéar, b’fhéidir go mbrisfeadh sé sin draíocht na Caillí?

Tá a fhios agaibh cad atá le déanamh faoin am seo. Chun páirt a ghlacadh sa chomórtas, dathaigh ceann amháin de na pictiúirí thíos:

Cliceáil ar na naisc thíos chun na pictiúirí dathucháin a híoslodáil:

Pictiúr dathúcháin 1 (Mamaí Béar, Daidí Béar, Babaí Béar amuigh ag siúl)

Pictiúr dathúcháin 2 (Itheann Cinnín Óir leite na dTrí Bhéar)

Pictiúr dathúcháin 3 (Na Trí Bhéar ar buile le Cinnín Óir)

♥♥♥

Ansin glac grianghraf de agus seol é chuig eolas@gaeltaca.ie

♣♣♣

Nó cuir sa phost é chuig Ionad Ghael-Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh.

Agus ná déan dearmad d'ainm, d'aois agus do sheoladh baile a lua chomh maith le seoladh ríomhphoist nó uimhir gutháin le go bhféadfaimis dul i dteagmháil leat má bhuann tú.

♦♦♦

Spriocdháta: Dé hAoine 19ú Márta 2021

Duaiseanna iontacha dosna pictiúirí dathaithe is fearr! 

♠♠♠

Agus cuimhnigh nár ghá d’fhobhríste a chaitheamh lasmuigh ded’ bhríste nó bheith in ann luascadh idir foirgnimh ar nós Spiderman chun bheith id’ sárlaoch dathadóireachta.  Níl uait ach a lán criáín / pinn luaidhe daite agus a bheith sásta dathú ar nós an diabhail! Bhfuil tú réidh mar sin? Ceart go leor. Ar bhur marcanna, faoi réir, dathaigí!

Maoinithe ag