Loading

IMLÉ

IMLÉ

Imeacht stairiúil a bheidh ann an Aoine bheag seo nuair a sheinnfidh an banna ceoil IMLÉ i gCorcaigh den chéad uair. Beidh an cheolchoirm ar siúl istigh in POTA, preabchaifé atá ar oscailt go sealadach in ionad Ghael-Taca ar Phort Uí Shúilleabháin, agus cuirfear tús léi ar a 8pm.

Banna neamhchoitianta is ea IMLÉ a bhfuil fuaim faoi leith ag baint lena gcuid ceoil agus a bhfuil ardmholadh faighte acu sa bhaile agus i gcéin ó bunaíodh an grúpa in 2015. Ag Gradaim Cheoil Nós in 2017, mar shampla, bronnadh na duaiseanna seo a leanas orthu: Ceoltóir/Banna na Bliana, Amhrán na Bliana agus Albam na Bliana.

Baineann na hamhránaithe ar fad sa ghrúpa le cúlraí éagsúla ceoil, agus mar thoradh air sin tá idir fhilíocht, rapcheol agus phopcheol fite fuaite trína gcuid amhrán. Meascán atá ann nach mbeidh a leithéid cloiste agat cheana - go háirithe sa Ghaeilge.

Triúr ón mbanna a bheidh le cloisteáil ar an oíche: Cian Mac Cárthaigh agus Pádraig “MC Muipéad” Ó Conghaile, beirt de bhaill bhunaidh an bhanna, agus Ríona Sally Hartman, duine de na baill nua. Cuirfear biachlár speisialta ar fáil ar an oíche agus beidh deis ag an lucht éisteachta, mar sin, triail a bhaint as an gcineál bia atá á chur ar fáil sa chaifé.

Is le tacaíocht ó Bhliain na Gaeilge, ceiliúradh ar 125 bliain de Chonradh na Gaeilge, atá an t-imeacht seo á chur ar siúl ag POTA.

IMLÉ sa Chaifé, 8pm, Dé hAoine 13 Iúil. Saorchead isteach.
POTA, Gael-Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh.