Loading

POTA

POTA

Ar an 15 Meitheamh an samhradh seo cuireadh cor nua i saol na Gaeilge i gcathair Chorcaí nuair a osclaíodh POTA, preabchaifé úrnua Gaelach, taobh istigh d'ionad Ghael-Taca ar Phort Uí Shúilleabháin. Ó shin i leith tá POTA ag dul ó neart go neart, agus Gaeil ó chian agus ó chóngar ag triall ar an gcaifé le blaiseadh den réimse deas béilí agus rudaí milse atá á gcur ar fáil ann.

Is é Diarmuid Ó Mathúna, cócaire as Cnocán na Biolraí i dtuaisceart an chontae, atá i bhfeighil an tionscnaimh nua seo. Sula ndeachaigh sé le gairm an chócaire, chaith Diarmuid tréimhsí ag obair sna meáin Ghaeilge agus leis an gcomhlacht oideachais Gaelchultúr i mBaile Átha Cliath; tá tuiscint mhaith aige, dá réir sin, ar na pobail éagsúla atá mar chuid de shaol na Gaeilge.

“Is rud é seo a bhí mé ag iarraidh a thriail le fada an lá,” a deir Diarmuid. “Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh spásanna den chineál seo ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge, áiteanna ar féidir leo bualadh le chéile le comhrá a bheith acu nó fiú suí go ciúin ag ól cupán deas caife, an nuachtán a léamh agus Gaeilge a chloisteáil thart timpeall orthu. Nuair a chonaic mé an spás deas atá istigh i nGael-Taca, áit a raibh caifé tráth, shíl mé go n-oirfeadh sé go seoigh dá leithéid agus bhí mé an-sásta nuair a thug Gael-Taca cead dom an caifé a lonnú ann.”

Potaí teo, idir tagines, stobhaigh, churaithe agus eile, atá mar phríomhrogha sa chaifé, ach bíonn sailéid agus anraithí éagsúla ar fáil freisin, mar aon le caife, tae agus rudaí deasa milse. Is é Diarmuid féin a dhéanann gach mias a ullmhú. “Táim ag baint an-taitneamh ar fad as triail a bhaint as oidis éagsúla agus féachaint cén tóir atá orthu. Bhí orainn an biachlár a athrú rud beag mar gheall ar an dea-aimsir, ar ndóigh, agus chuir mé roinnt sailéad agus miasa fuara ar fáil dá bharr sin.”

Tá níos mó ná bia ar fáil sa chaifé, áfach. Le tacaíocht ó Bhliain na Gaeilge reáchtáladh tráthnóna scéalaíochta do pháistí sa chaifé le déanaí, agus beidh imeacht eile ar siúl ann gan mhoill: ceolchoirm leis an mbanna IMLÉ ar a 8pm, Dé hAoine, 13 Iúil.

Preabchaifé, nó pop-up café, atá in POTA, rud a fhágann nach bhfuil mórán ama fágtha ag daoine le cuairt a thabhairt air; tiocfaidh deireadh leis an Satharn beag seo, an 14 Iúil.