Loading

Ranganna Gaeilge 2021

Ranganna Gaeilge 2021

RANGANNA GAEILGE AR LÍNE

Cúpla áit fágtha ar an gcúrsa do thosaitheoirí (ag tosnú oíche Dé Céadaoin, 27ú d'Eanáir, ag a 7 a chlog) agus ar an gcúrsa meán-leibhéal Gaeilge (ag tosnú oíche Dé Máirt, 26ú d'Eanáir, ag a 7 a chlog). 
 
Ar chostas €180, maireann gach cúrsa 10 seachtaine.
 
É bunaithe ar shiollabas TEG le deis a thabhairt duit tabhairt faoin scrúdú a thugann cáilíocht sa Ghaeilge ó hOllscoil Mhá Nuad.
 
Agus maidir le teagascóirí, beidh an craiceann is a luach agat! Mar ní hamháin go bhfuil ár dteagascóirí oilte i múineadh na Gaeilge ach tá sé de bhua acu atmaisféar réchúiseach a chruthú chun an chaint a mhealladh asat. Ní nach ionadh agus iad i mbun ciorcail chomhrá le fada an lá!
 
Ná déan a thuilleadh moille mar sin ach seol r-phost chuig eolas@gaeltaca.ie chun an chéad chéim a thógaint i dtreo líofacht sa Ghaeilge!
 
Gael-Taca: ag tacú leat chun scileanna nua a fháil, fiú i saol bunoscionn na paindéime.

Maoinithe ag