Loading

T-léinte go leor i nGael-Taca!

T-léinte go leor i nGael-Taca!

T-Léinte go leor i nGael-Taca!

A pháistí Chorcaí! Fonn oraibh bheith gléasta go seoigh an samhradh seo? Bhuel, buail isteach chuig Gael-Taca mar sin, áit a bhfaighfeá an t-uafás T-léinte nua ann! Cuir éad ar do chairde agus tú ar fheabhas Éireann id’ T-léine galánta le manaí leithéidí ‘Tá trioblóid ag teacht’, ‘Super Gaeilgeoir’, ‘Rebel Óg’, ‘Ms. Sona Sásta’, agus ‘No better buachaill’!

Nó céard faoi shuaitheantais nach gcuireann fiacal ann leithéidí ‘Meh, is cuma liom’, ‘Is mise Spartacus!’ agus ‘Foirfe … beagnach’?

Nó, a dhaoine fásta, b’fhéidir go bhfuil fonn oraibh daoine a mhealladh le bhur gcúpla focal? Bhuel, cén fáth nach mbuailfeá isteach chuig Ionad Ghael-Taca mar sin, áit a bhfaighfeá T-léinte leithéidí ‘Ché mo Laoch’, ‘Ní bheidh mo leithéid arís ann’ nó ‘Obi-Wan Camogie’?

Maoinithe ag