Loading

Ionad Ghael-Taca oscailte arís!

Ionad Ghael-Taca oscailte arís!

Gael-Taca Oscailte Arís!

Agus a leithéid de dhrochbhliain curtha dínn, seans gur beag duine anois nach dtuigeann conas mar a bhíodh an saol ag Peig Sayers fadó agus í teanntaithe ar an mBlascaod Mór le linn stoirme: í scoite amach ón mórthír, eagla an domhain uirthi dul lasmuigh. Le cúnamh Dé, tá an chuid is measa de taobh thiar dínn anois agus níl ach spéartha gorma agus laethanta órga romhainn as seo amach!

Agus an saol ag oscailt diaidh ar ndiaidh, tá Gael-Taca oscailte leis: sinn ar ais ar ár seanléimt, ambaiste! Bhuel, beagnach: tá Ionad Ghael-Taca oscailte Dé Céadaoin go Dé hAoine, 9:30 r.n. go 5:30 i.n., go ceann tamaillín agus beimid ar ais go dtí ár ngnáth-uaireanta sula i bhfad.

 

Maoinithe ag